Gearáin
Táimid lántiomanta do sheirbhís den scoth agus caitheamh comhionannn a thabhairt dár gcustaiméirí go léir. Má tá tú míshásta le cáilíocht na seirbhíse a fuair tú, nó má bhraitheann tú nár chomhlíon ár gcaighdeáin na gealltanais sa Chairt do Chustaiméirí, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh linn.
Tabhair ar aird: Ní meicníocht é gnás gearán an QQI chun díriú ar ghearáin nó ábhar buartha ó fhoghlaimeoirí aonair. Ba chóir díriú orthu seo de mheicníochtaí inmheánacha an tsoláthraí oideachas.
Ba chóir gearáin a chur chuig an rannóg lena mbaineann. Déanfaidh ár bhfoireann iarracht déileáil leis an bhfadhb gan mhoill nó, mura mbaineann an gearán le seirbhís a sholáthraímid, treoróidh tú chuig an gcomhlacht cuí é.
Murar eol duit ainm an té atá uait sa rannán, nó mura bhfuil tú cinnte, ba chóir duit do ghearán a dhéanamh le duine dár n-oifigigh um Sheirbhís do Chustaiméirí a bheidh sásta comhairle a chur ort. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ((beidh ort clárú mura bhfuil cuntas agat cheana féin) tríd an gcóras QHelp
Murar féidir le foireann na rannóige do ghearán a réiteach, nó má tá tú míshásta lena bhfreagra, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaidh ball sinsearach foirne ón rannán sin athbhreithniú ar an ábhar.
Má tá tú míshásta i gcónaí leis an bhfreagra, ba cheart duit gearán foirmiúil (i scríbhinn) a dhéanamh le Stiúrthóir na Seirbhísí Corparáideacha a imscrúdóidh an gearán ar do shon.
Is féidir é a dhéanamh ar líne trí QHelp.
Nó is féidir leat do ghearán a chur i scríbhinn chuig:
Stiúrthóir na Seirbhísí Corparáideacha
QQI
26/-27 Lána Denzille
Baile Átha Cliath 2