Ár ról
Ár reachtaíocht rialaitheach
Bunaíodh QQI faoin Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) 2012, acht de chuid an Oireachtas (parlaimint na hÉireann). Is comhlacht poiblí é atá freagrach don Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Maoinítear é go páirteach ag an rialtas agus go páirteach ó tháillí ar sheirbhísí. Tá QQI neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht. Tá ionstraimí reachtúla éagsúla a shainaithnítear san Acht ceadaithe ag an Aire nó ag QQI.
- Socraímid caighdeáin do dhámhachtainí QQI (cáilíochtaí)
- Déanaimid measúnú ar oiriúnacht soláthraithe chun dámhachtainí QQI a thairiscint
- Déanaimid cláir oideachais agus oiliúna a bhailíochtú as a leanann dámhachtainí QQI
- Bronnaimid cáilíochtaí agus eisímid teastais
- Coinnímid an ciste reachtúil um chosaint foghlaimeoirí do fhoghlaimeoirí atá cláraithe i soláthraithe oideachais agus oiliúna príobháideacha
- Eisímid treoirlínte dearbhaithe cáilíochta
- Déanaimid nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta soláthraithe a fhaomhadh
- Déanaimid soláthraithe a mhonatóiriú agus a athbhreithniú
- Cuirimid feasacht ar ionracas acadúil chun cinn agus féachaimid lena choinneáil
- Bronnaimid an marc cáilíochta TrustEd Ireland ar sholáthraithe ardoideachais agus oideachais an Bhéarla
- Déanaimid an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) a choinneáil mar chóras a nascann leibhéil cáilíochta éagsúla lena chéile
- Coinnímid Clár Cáilíochtaí na hÉireann mar bhunachar sonraí cuimsitheach de na cáilíochtaí go léir atá cuimsithe sa CNC
- Aithnímid comhlachtaí dámhachtana agus cuirimid a gcáilíochtaí san áireamh sa CNC
- Déanaimid monatóireacht ar sholáthraithe lena chinntiú go dtugann siad deiseanna rochtana, aistrithe agus forchéimnithe d’fhoghlaimeoirí
- Cuirimid comhairle ar fáil ar aitheantas do cháilíochtaí eachtracha in Éirinn agus ar aitheantas do cháilíochtaí Éireannacha thar lear.
- Téimid i gcomhairle le geallsealbhóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, tugaimid eolas dóibh agus comhoibrímid leo.
- Déanaimid taighde ar cháilíocht agus ar cháilíochtaí sa chóras oideachais tríú leibhéal agus tuairiscímid air.
- Téimid i gcomhairle le foghlaimeoirí agus grúpaí foghlaimeoirí agus tugaimid páirt dóibh i gcomhlíonadh ár bpríomhfheidhmeanna
- Forbraímid tionscnaimh ar mhaithe le feabhsú agus óstálaimid imeachtaí chun foghlaim ónár bpáirtithe leasmhara agus chun dea-chleachtas a chomhroinnt leo.
Táimid tiomanta d’fhís d’Éirinn trína seachadtar córas oideachais solúbtha, atá dearbhaithe ó thaobh na cáilíochta de agus mar ar féidir le foghlaimeoirí a bheith muiníneach gur eispéireas foghlama d’ardchaighdeán a gheobhaidh siad agus go gcuirfear luach ar a gcuid cáilíochtaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Cuirimid muinín agus iontaoibh an phobail chun cinn i gcáilíocht, ionracas agus dea-cháil chóras oideachais threasaigh na hÉireann trí:
- iomláine an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí chosaint,
- eolas údarásach agus cuimsitheach faoi cháilíochtaí agus deiseanna foghlama a sholáthar;
- rialú agus treoir iontaofa a sheachadadh
- cáilíocht soláthraithe agus a gcuid clár a bhreisiú agus,
- tionchar a imirt ar athrú córais le léargas agus anailísí.
Bunaímid ár gcur chuige i leith ár gcuid oibre féin agus an tslí a n-oibrímid lenár ngeallsealbhóirí ar luachanna soiléir agus ar iompraíochtaí gaolmhara.
Is foras poiblí neamhspleách muid, a oibríonn laistigh de chreat leathan bheartas an Rialtais. Cuirimid romhainn ár n-údarás rialála a chur i bhfeidhm go trédhearcach, go cóir, go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil.
Tá meas againn ar ár bhfreagracht i bpáirt le grúpaí eile chun muinín a chinntiú agus feabhsú leanúnach a dhéanamh ar oideachas agus ar oiliúint. I gcomhpháirtíocht le grúpaí eile, tugaimid faoinár dtosaíochtaí agus ár ngníomhartha ar bhealach comhairleach, comhoibríoch agus cuimsitheach.
Glacaimid agus cothaímid muinín agus ionracas inár gcinnteoireacht agus inár mbeartais, inár ngnásanna agus inár rialúchán. Ar fhianaise agus bunaithe ar dhea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhunaímid ár gcur chuige.
Tá an fhoghlaim agus an nuálaíocht i gcroílár a ndéanaimid agus an chaoi a ndearaimid ár gcórais agus ár bpróisis ghnó. Cothaímid ár saineolas agus ár n-eolas agus foghlaimíonn muid ónár gcomhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun tionchar a imirt agus chun daoine a threorú, a chomhairliú agus chun cúrsaí a rialáil ar bhealach údarásach agus freagrúil.
Is mór againn taighde, léargas agus anailís chun ár dtosaíochtaí agus ár ngníomhartha a bhaint amach le tionchar dearfach agus intomhaiste.
