Saoráil Faisnéise

Cinneann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 na cearta dlíthiúla seo a leanas: 

  • An ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh QQI 
  • An ceart chun faisnéis phearsanta i dtaifead a leasú i gcás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach 
  • An ceart chun cúiseanna a fháil le cinntí a dhéanann QQI a théann i bhfeidhm ort  

Féadfaidh tú na taifid seo a leanas atá i seilbh QQI a iarraidh:  

  • Aon taifid a bhaineann leat go pearsanta, is cuma cathain ar cruthaíodh é 
  • Gach taifead eile (neamhphearsanta) a cruthaíodh tar éis 21 Aibreán 1998

Ba chóir d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig: 

An tOifigeach SF

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann

26–27 Lána Denzille

Baile Átha Cliath 2 

  • Ba chóir an tAcht um Shaoráil Faisnéise a lua i d’iarratas. Mura luaitear an tAcht i d’iarratas ar fhaisnéis, pléifear leis mar ghnáthiarratas ar eolas. 
  • Cinntigh go ndéanann tú cur síos chomh mion agus is féidir ar na taifid atá á lorg agat ionas go mbeimid in ann na taifid ábhartha a aithint. Más féidir, tabhair an fráma ama a bhaineann le d’iarratas, mar shampla, idir Bealtaine 2011 agus Nollaig 2011 
  • Ní bhaineann aon táillí le hiarrataí tosaigh ar fhaisnéis neamhphearsanta 
  • Féadfaidh tú a bheith ag súil le admháil laistigh de dhá sheachtain tar éis do QQI d’iarratas ar fhaisnéis a fháil 
  • Gheobhaidh tú cinneadh ar d’iarratas laistigh de cheithre seachtaine tar éis do QQI d’iarratas ar fhaisnéis a fháil 

  • Mura bhfuil tú sásta leis an bhfaisnéis a fhaigheann tú mar fhreagra ar iarraidh agus más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach. 
  • Inseofar duit toradh an athbhreithnithe seo laistigh de thrí seachtaine 
  • Caithfear táille iarratais €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) a íoc ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach. Níl aon táille ar athbhreithniú inmheánach ar iarraidh ar fhaisnéis phearsanta nó i gcás cinneadh déanach ar iarraidh neamhphearsanta.  Ba chóir Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí a chur ar sheiceanna nó ar orduithe poist. 
  • Mura bhfuil tú sásta le cinneadh ár n-athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise an t-ábhar a athbhreithniú. Caithfidh táille €50 a bheith in éineacht le formhór na n-iarratas ar athbhreithniú chuig an gcoimisinéir faisnéise. Tá táille laghdaithe de € 15 i bhfeidhm má tá cárta leighis agat nó i ndáil le hathbhreithniú maidir le faisnéis áirithe tríú páirtí.  Níl aon táille ar iarratais ar athbhreithniú a bhaineann le faisnéis phearsanta amháin a bhaineann leat féin nó maidir le cinntí chun táillí nó taiscí a chur i bhfeidhm.
04_QQIWebPattern-Certs