Nochtaí Cosanta

Is é aidhm na reachtaíochta oibrithe a spreagadh chun imní a ardú maidir le héagóir a d’fhéadfadh a bheith ann san ionad oibre. Féadfaidh siad na hábhair imní seo a ardú agus fios acu go bhfaighidh siad cosaint shuntasach fostaíochta agus cosaint eile má chuireann a bhfostóir pionós orthu nó má fhulaingíonn siad aon dochar as é a dhéanamh.   

Is duine forordaithe é príomhfheidhmeannach QQI faoi reachtaíocht (Ionstraim Reachtúil 339 de 2014). 

Ciallaíonn sé seo gur féidir gach ábhar dá bhforáiltear san Acht Cáilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) 2012 (Uimh. 28 de 2012) maidir le haonáin a thagann faoi shainchúram QQI a chur in iúl do QQI. Is féidir leis na hábhair seo baint a bheith acu le: 

  • dearbhú cáilíochta 
  • bailíochtú clár oideachais agus oiliúna, 
  • dámhachtainí a dhéanamh, 
  • údarás chun dámhachtainí a dhéanamh a tharmligean  
  • cód cleachtais a bhunú chun cláir oideachais agus oiliúna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí idirnáisiúnta, agus 
  • an t-údarú chun an Marc Idirnáisiúnta Oideachais a úsáid. 

Ní éilíonn an tAcht ar QQI gach nochtadh a fhaigheann sé a imscrúdú, agus breithneofar nochtadh a dhéantar faoin Acht ar an mbealach céanna le haon nochtadh a dhéantar le QQI. Go ginearálta, beidh sceithirí a dhéanann nochtadh seachtrach don oifig, in ionad dá bhfostóir, i dteideal sásaimh faoin Acht má fhulaingíonn siad idirdhealú nó dífhostú éagórach ar choinníoll go ndéantar an nochtadh de mheon macánta, go gcreideann siad go réasúnta na líomhaintí a bheith fíor i ndáiríre, agus ní dhearnadh an nochtadh chun leasa pearsanta. 

Níl aon ról ag QQI maidir le measúnú a dhéanamh ar céard is nochtadh cosanta ann, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht. Is ábhar dlí é seo a chinnfidh na cúirteanna, i gcás díospóide.

Chun nochtadh a dhéanamh le QQI, scríobh ríomhphost chuig disclosures@qqi.ie nó scríobh chuig: 

An Príomhfheidhmeannach 

QQI 

26/27 Lána Denzille 

Baile Átha Cliath 2 

D02 P266  

Marcáil do litir Príobháideach agus Faoi Rún go hIomlán

Tabhair faoi deara le do thoil, agus muid ag obair go cianda le linn na paindéime, gurb é ríomhphost an bealach is tapa agus is fearr le teagmháil a dhéanamh linn. 

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas i nochtadh: 

  • Ainm an té a rinne an nochtadh agus na sonraí teagmhála 
  • Iarraidh ar rúndacht, más fearr 
  • Ainm na heagraíochta / na n-eagraíochtaí atá i gceist 
  • An oiread sonraí agus is féidir maidir leis na hábhair imní 

Má tá fianaise ar fáil, b’fhearr é a chur isteach toisc go rachadh sé seo chun leasa chinneadh mheasúnaithe an QQI. Nuair is eol do QQI céannacht agus sonraí teagmhála an nochtóra, admhóimid nochtadh laistigh de sheacht lá oibre.

04_QQIWebPattern-Certs