Cairt do Chustaiméirí

Is é ár gcairt do chustaiméirí ár dtiomantas seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar. Seo na rudaí a dhéanaimid sa chairt:                                                               

  • míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé mar aidhm againn an tseirbhís agus an taithí is fearr is féidir a thabhairt duitse, ár gcustaiméirí;
  • déanaimid cur síos ar ár ngealltanais agus ar ár bhfreagrachtaí duit;
  • liostaímid na bealaí éagsúla ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus a insint duit conas a thabharfaimid freagra ar d’iarrataí;
  • déanaimid cur síos ar conas is féidir leat moladh, aiseolas agus tuairimí a thabhairt;
  • mínímid conas is féidir leat gearáin a chur isteach nuair a bhraitheann tú nár chomhlíon ár seirbhís na caighdeáin a bhfuil súil agat leo;
  • tugaimid breac-chuntas ar do chearta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus ar an tslí ar féidir leat iarratas a dhéanamh; agus

Inár gCairt do Chustaiméirí agus inár bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí, déanaimid cur síos níos mionsonraithe ar an gcaoi a ndéanaimid gach gné dár ngealltanais do chustaiméirí a sheachadadh, a thomhas agus a fheabhsú. 

Má theastaíonn comhairle nó cúnamh uait maidir le haon ábhar a bhaineann le seirbhís do chustaiméirí, déan teagmháil linn trínár gcóras QHelp

04_QQIWebPattern-Certs