Maidir le QQI

Is gníomhaireacht stáit neamhspleách é QQI atá freagrach as cáilíocht, ionracas agus clú den chóras breisoideachais agus ardoideachais in Éirinn a chur chun cinn.

Táimid freagrach as dearbhú cáilíochta seachtrach a dhéanamh ar bhreisoideachas agus ardoideachas agus oiliúint in Éirinn.

Déanaimid cláir a bhailíochtú, dámhachtainí a bhronnadh agus is muidne atá freagrach as an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) a chur chun cinn, a chothabháil, a fhorbairt agus a athbhreithniú.

Ina theannta sin, cuirimid an pobal ar an eolas maidir le cáilíocht na gclár agus na gcáilíochtaí oideachais agus oiliúna, agus cuirimid comhairle ar an Aire maidir le beartas náisiúnta i dtaobh dearbhú cáilíochta agus breisiú an oideachais agus na hoiliúna.

In this section