Achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh a rinne QQI

Faoin reachtaíocht, is féidir le soláthraí achomharc foirmiúil a dhéanamh i gcoinne aon cheann de na cinntí seo a leanas de QQI: 

  • Diúltú nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta beartaithe a cheadú (Alt 31 (5))

  • Faomhadh do nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta a tharraingt siar (Alt 36 (6))

  • Diúltú clár oideachais agus oiliúna a bhailíochtú (Alt 45 (4))

  • Bailíochtú do chlár oideachais agus oiliúna a tharraingt siar (Alt 47 (5))

  • Diúltú d’iarraidh ar tharmligean údaráis chun dámhachtain a dhéanamh (Alt 53 (11))

  • Coinníoll a shonrú chun údarás a tharmligean chun dámhachtain a dhéanamh (Alt 53 (12))

  • Údarás chun dámhachtain a dhéanamh a tharraingt siar nó a athrú (Alt 55 (7))

  • Ceadú maidir le nósanna imeachta do rochtain, aistriú agus dul chun cinn a tharraingt siar (Alt 59 (6))

  • Diúltú chun úsáid an Mhairc Oideachais Idirnáisiúnta a údarú (Alt 61 (12))

  • Údarú d’úsáid an Mhairc Oideachais Idirnáisiúnta a tharraingt siar (Alt 63 (9))

Caithfidh tú fógra achomhairc a chomhlánú agus a chur isteach laistigh de 30 lá ó chinneadh a fháil uainn. 

Tá táille iníoctha ar gach achomharc. Caithfear é seo a íoc sular féidir leis an bpainéal achomhairc d’achomharc a mheas. Má sheastar le d’achomharc, aisíocfar an táille leat go hiomlán. Ní dhéantar aon aisíocaíocht ann má dhiúltaítear nó má tharraingítear siar achomharc. 

Nuair a bheidh d’fhógra achomhairc faighte againn agus deimhniú tugtha go bhfuarthas an íocaíocht, atreoróimid é chuig cathaoirleach an phainéil achomhairc, a thionólfaidh cruinniú den bhord achomhairc chun é a mheas. 

De ghnáth, breithneoidh an bord achomhairc achomharc bunaithe ar dhoiciméadú a sholáthraíonn soláthraí agus QQI. Mar sin féin, is féidir éisteacht ó bhéal a thionól más gá. 

Féadfaidh tú d’achomharc a tharraingt siar tráth ar bith trí scríobh chuig cathaoirleach an bhoird achomhairc. 

Is é tromlach de chomhaltaí an bhoird achomhairc a chinnfidh toradh d’achomhairc, a dheimhneoidh an cinneadh bunaidh nó a ordóidh dúinn é a athbhreithniú.

Tá an painéal achomhairc comhdhéanta de dhaoine neamhspleácha, a cheapann an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta chun achomhairc i gcoinne cinntí sonracha QQI a mheas.

 

Baill an Phainéil
  • An Dr David Redmond, cathaoirleach

  • An Dr Inez Bailey

  • An Dr Margaret Denny

  • Mr Seán MacCarthy

  • An Dr Frank McMahon

  • An Dr Rory O’Sullivan

  • Mr Odran Reid

 Déanfaidh bord achomhairc comhdhéanta de thriúr ball ón bpainéal seo achomharc bailí a mheas.

Tá tuilleadh treorach faoi na nósanna imeachta achomhairc mionsonraithe sna doiciméid seo a leanas:

Tá na nósanna imeachta achomharc mionsonraithe in Ionstraim Reachtúil Uimh. 503/2014

 

Má tá ceist bhreise agat, déan teagmháil le: 

An Rúnaíocht 

Painéal Achomhairc QQI 

26-27 Lána Denzille 

Baile Átha Cliath 2, D02 P266 

Teileafón: (01) 905 8100 

Ríomhphost:  appeals@qqi.ie  

 

04_QQIWebPattern-Certs