Cosaint Sonraí

Soláthraíonn an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) cearta rochtana comhchosúla leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise (SF), agus an phríomhdhifríocht ná nach bhfuil feidhm ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí maidir le taifid daoine éagtha.  

Tugann an GDPR níos mó smachta duit ar do chuid faisnéise pearsanta, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar rochtain ar do shonraí pearsanta agus an fhoirm seo á húsáid agat. 

Mar aon leis na hAchtanna SF, cuimsíonn na cearta seo do thaifid phearsanta féin agus, i gcásanna ar leith, taifid do leanaí. Déantar foráil maidir le díolúintí sna hAchtanna Ciallaíonn sé seo go bhfuil cásanna ar leith ann nuair nach scaoilfear an fhaisnéis iarrtha. Má úsáidtear aon cheann de na díolúintí seo chun faisnéis a choinneáil siar, míneofar na cúiseanna go soiléir duit. 

Caithfidh QQI, mar rialaitheoir sonraí, a oibleagáidí faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 a chomhlíonadh mar a leagtar amach thíos: 

  • Faisnéis a fháil agus a phróiseáil go cóir 
  • Gan é a choinneáil ach chun críche sonraithe, sainráite agus dleathacha 
  • Gan é a úsáid ná a nochtadh ach ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na críocha seo 
  • É a choinneáil slán sábháilte 
  • É a choinneáil cruinn, iomlán agus cothrom le dáta 
  • Déanamh cinnte go bhfuil sé leordhóthanach, ábhartha agus nach bhfuil sé iomarcach 
  • É a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críche 
  • Cóip dá s(h)onraí pearsanta a sholáthar do dhuine aonair arna iarraidh sin 

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár n-oifigeach cosanta sonraí ag dpo@qqi.ie

Féadfaidh tú an tAcht um Shaoráil Faisnéise nó an tAcht um Chosaint Sonraí a úsáid chun rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta atá i seilbh comhlachtaí poiblí. Mar sin féin, níl feidhm ag an Acht um Chosaint Sonraí ach maidir le d’fhaisnéis phearsanta féin (nó, i gcásanna áirithe, faisnéis do linbh). Ní bheidh aon táille i bhfeidhm mura bhfuil an t-ualach oibre eisceachtúil.

Eiseofar cinneadh, i ngnáththosca, laistigh de 30 lá tar éis d’iarratas a fháil. 

Beidh sonraí faoi do theidlíocht chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí san áireamh sa litir chinnidh.

Chun iarratas a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 2018 & 2003, seol iarratas i scríbhinn chuig: 

An tOifigeach Cosanta Sonraí, 

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí 

26-27 Lána Denzille 

Baile Átha Cliath 2 

DO2 P266 

dpo@qqi.ie 

Cinntigh go ndéanann tú cur síos chomh mion agus is féidir ar na taifid atá á lorg agat ionas go mbeimid in ann na taifid ábhartha a aithint.

Gheofar eolas faoin reachtaíocht Cosanta Sonraí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

04_QQIWebPattern-Certs